Oíche Fheil Eoin. A chuimhní ar amuigh ag cruinniú ábhair do thine Fheil Eoin don bhaile. Bhíodh comórtas idir na bailte cé a bheadh an tine is mó acu. Bhíodh scaifte mór amuigh an oíche sin cruinnithe thart ar an tine. Measann sé gur mór an trua an nós seo a bheith ag imeacht mar atá. Bhíodh an chraic maith acu agus bhíodh corr toitín acu fosta. Chruinnigh an nós seo na daoine thart.
Bhíodh siad amuigh sna mummers fosta, seachtain roimh na Nollag, chruinníodh siad cúpla scilling. Théadh siad go dtí tithe céanna corr uair, cóirithe go héagsúla ar a rothair. Bhíodh amhráin bheaga agus scéalta beaga acu le rá. Chuaigh siad amach na Chraoslaigh bliain amháin ach chuir buachaillí an Chraoslaigh an tóir orthu.
Tá seo athruithe go mór anois, tá na daoine óga ina seasamh thart gan a dhath le déanamh, níl obair ar bith acu agus tá na nósanna caillte. | 00:08:34 | |